' BABEL ' - bunachar sonraí ilteangach le haghaidh ainmneacha dúchasacha phlandaí fiáine na hEorpa.

Is í an Laidin teanga idirnáisiúnta na luibheolaíochta. Cé is moite de na hathruithe is gá sa tacsanomaíocht, ar crá croí coinneáil céim ar chéim leo uaireanta, tá buaine ag baint leis an Laidin mar is nodaireacht choiteann i measc luibheolaithe í. Bíonn luibheolaithe in ann a chéile a thuiscint toisc gur nithe caighdeánacha ainmneacha Laidine na bplandaí ó tharla gur sa Laidin a fhoilsítear cuntas ar na speicis sa chéad dul síos. Is cuid dár n-oidhreacht córas dé-ainmneach Linnaeus agus bheadh sé an-deacair gníomhú dá uireasa.
Na déanaimis dearmad, áfach, de na haimneacha dúchasacha atá in úsáid i measc na ndaoine leis na cianta cairbreacha. Ní mar a chéile na hainmneacha sin in dhá thír ar leith ná in dhá cheantar féin. Athraíonn na haimneacha scaití ó ghleann nó ó shráidbhaile go chéile! Is minic gur filíocht na hainmneacha dúchasacha agus ba mhór an peaca iad a chailleadh. Toisc gur Sasanach mé, is iad na hainmneacha Béarla is fearr atá ar eolas agam, ach is féidir an rud céanna a rá faoi na hainmneacha dúchais ar fud na cruinne. Maireann iarsmaí sna hainmneacha sin den stair, den bhéaloideas, den phisreogacht agus den leigheas agus is oidhreacht eile iad i bhfriotal faoi leith atá gach pioc chomh luachmhar leis an rud a d'fhág Linnaeus againn chun freastal ar riachtanais na hEolaíochta.
Táim chomh haineolach sin nach bhfuil a fhios agam fiú go beacht cá mhéad teanga a bhfuil mé in ainm is a bheith ag plé leo. Dealraíonn sé i bhfianaise a ndeir Ethnologue go bhfuil breis agus dhá chéad acu i gceist. Liostáiltear thíos na teangacha ar tháinig mé trasna orthu go dtí seo mar aon le roinnt foinsí. Fuaireas an t-eolas ón iliomad daoine a raibh mé i dteagmháil leo (a lán díobh ar an idirlíon). Tá mo bhuíochas ag dul dóibh uile.
  O thosaigh mé féin ar an tionscnamh seo, chuir mé aithne ar Roger Whitehead, mar is daoine an bheirt againn arb ionann ár sainspéiseanna. Is cúis áthais dom go bhfuil Roger agus mé féin ag obair as lámh a chéile. Is mar seo atá an obair roinnte suas againn eadrainn beirt: le teangacha na Breataine agus na hÉireann a bhíonn Roger ag plé .i. Béarla, Gaeilge na hAlban, Gaeilge na hÉireann, an Mhanainnis, an Bhreatnais agus an Chornais (ach gan Fraincis na nOileán Angla-Normannach a chur san áireamh). Mise atá freagrach as an gcuid eile den Eoraip, ach ar ndóigh ní bheidh mo chuidse den obair chomh mion. Beidh an-ríméad orainn cloisteáil uait má tá aon ní agat a mbeidh spéis againn ann dar leat, nó más dóigh leat gur féidir leat adhmad a bhaint as an eolas atá bailithe againn. Táimid ag súil gurb iomaí sin feidhm a bhainfear as an mbunachar sonraí amach anseo.

NOTA: níl ach fíorbheagán dár gcuid sonraí ar an idirlíon. Déan teagmháil linn is féachfaimid leis an eolas atá uait a sholáthar. Má chuireann comhlacht tráchtála iarratas isteach, seans go ngearrfar táille oiriúnach orthu.

Táimid fíorbhuíoch do gach duine a chabhraigh linn le déanaí. Ina measc siúd áirítear na daoine seo a leanas:
 
 
 
 

Alessandro Alessandrini Raino Lampinen  Jaume Ollé 
Vera Besse  Lennart Nilsen  Rolf R. van de Pavert
Marco Bleeker  Pavel Pisa  Brane Vries 
Rob Heijman Boris Turk Mehmet Pojon 
Toomas Kukk  Barbara Weninger James L. Reveal 
Stig B. Neilsen  Carlos Aguiar Vladimir Vladimirov 
Wouter Pilger  Gonzalo Fernández Borrajo Aart Voswinkel 
José Manuel Sánchez  Girolamo Giardina Francois-Jean Blanc 
Anna-Lena Anderberg Milan Jovanovic Turcsányi Gábor 
Brian Bonnard  Michael Kleih  Yvon Brochet 
Lodewijk van Duuren Henriette Kress  Ali Kandemir 
Jeff Humm  Urmet Lee  Juan Carlos Baiges 
Nicholas J. A. Williams Jose Matas Rubi Mary Cassidy
Susanne Starke-Perschke Jordi Pietx Sverre Bugge Davidsen
Andreas Athanassopoulos Michel H, Porcher et al. Andrés Lozoya
Lumir G. Janku Bernard Blion Bernhard Luft
Nanni Falconi

Liosta Leabhar agus Foinsí

[Is ionann na huimhreacha idir lúibíní cearnógacha agus líon na dtacsón a d'aimsîomar go dtí seo.]